Main menu:
Subjects
An Ghaeilge sa bhunscoil
An Ghaeilge—treo nua
Is ar chumarsáid agus ar úsáid na teanga mar ghnáth-theanga bheo a leagtar béim sa churaclam Gaeilge. Tá béim ann ar líofacht cainte agus ar leathnú chumas cumarsáide an pháiste i gcoitinne. Cuirfidh foghlaim na Gaeilge ar chumas an pháiste cumarsáid a dhéanamh in dhá theanga.
Ciallaíonn `cumarsáid' daoine ag caint agus ag éisteacht lena chéile, ag scríobh teachtaireachtaí chuig a chéile agus á léamh. Cruthaíonn an múinteoir na suímh agus na comhthéacsanna sa seomra ranga agus sa scoil ina mbeidh gá ag an bpáiste le cumarsáid a dhéanamh trí Ghaeilge. Bíonn tascanna nó cluichí éisteachta agus labhartha ar siúl ag an bpáiste i rith an cheachta chun úsáid a bhaint as an nGaeilge i gcomhthéacs an tseomra ranga. Bíonn cluichí boird agus tascanna scríofa ar siúl freisin chun go mbeidh an léitheoireacht agus an scríbhneoireacht ní hamháin pléisiúrtha ach feidhmiúil chomh maith.
Cur chuige cumarsáideach
Is ar an bpáiste féin agus ar na riachtanais teanga atá aige/aici agus ar a c(h)uid ábhar spéise atá an phríomhbhéim sa chur chuige a úsáideann an múinteoir. Cuirtear béim ar thaitneamhacht an ábhair theagaisc agus ar an gcaoi a gcoinneoidh sé seo an páiste gafa le linn na foghlama. Tugtar aird faoi leith ar úsáid na teanga chun cumarsáid a dhéanamh, agus cruthóidh an múinteoir comhthéacsanna ina mbeidh gá ag an bpáiste an Ghaeilge a úsáid chun tasc a chur i gcrích. Cuireann cur chuige cumarsáideach béim ar úsáid na teanga chomh luath agus chomh minic agus is féidir i rith an cheachta. Cuireann tascanna, cluichí teanga agus comhthéacsanna taitneamhacha a chruthaíonn an múinteoir ar chumas an pháiste cumarsáid a dhéanamh ag baint úsáide as na ceithre scil teanga: éisteacht, labhairt, léitheoireacht agus scríbhneoireacht. Bíonn an bhéim ar sprioc cumarsáideach a bheith ag gach cuid den cheacht; agus cé go mbíonn athrá agus druileanna ar siúl ag na páistí bíonn a fhios acu go bhfuil siad ag cleachtadh chun cumarsáid a dhéanamh ina dhiaidh sin sa cheacht. Chomh fada agus is féidir bíonn cumarsáid ar siúl idir na páistí i ngach ceacht Gaeilge, cé gur cumarsáid faoi threoir a bhíonn ar siúl cuid mhaith sa bhunscoil. Mar sin féin bíonn sprioc na fíorchumarsáide ag an múinteoir do na páistí i gcónaí.
Deanaimid iarracht i Scoil Mhuire an Gaeilge a spreagadh i measc na leanai.
Is gra linn an Gaeilge.